Matthias Claudius

File agus iriseoir Gearmánach ab ea Matthias Claudius. Do rugadh é, ar an 15ú lá de Lúnasa sa mbliain 1740, i Reinfeld (Holstein), baile beag atá suite i dtuaisceart na Gearmáine, agus do fuair sé bás, ar an 21ú lá d'Eanáir sa mbliain 1815, i gcathair Hamburg na Gearmáine.

Tá cáil ar Chlaudius de bharr a chuid filíochta tochtmhaire go háirithe, filíocht a bhfuil tionchar na ''Volkslieder'' - .i. amhráin dhúchasacha na Gearmáine - le feiscint uirthi. Is é ''Der Tod und das Mädchen'' (Gaeilge: 'An Bás agus an Cailín') an dán is cáiliúla de chuid Chlaudius. Do bhunaigh Franz Schubert ''Kunstlied'' - nó 'amhrán ealaíne' - dá chuid ar an ndán san. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Claudius, Matthias', am iarratais: 0.05s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    Gairmuimhir: 28791/58
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Claudius, Matthias
    Foilsithe / Cruthaithe 1941
    Gairmuimhir: 28791/5
    LEABHAR